Home | Contact NUI  

 

18 April 2024  


Deirdre Ní Chonghaile

An Dr Deirdre Ní Chonghaile ag Searmanas Bronnta Duaiseanna OÉ 2016.

An Dr Deirdre Ní Chonghaile ag Searmanas Bronnta Duaiseanna OÉ 2016.

 

Bhain Deirdre Ní Chonghaile , iarscoláire Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Comhaltacht Iardhochtúireachta OÉ sa Léann Éireannach agus Ceilteach amach sa bhliain 2016. Tá sí i mbun taighde iardhochtúireachta in Institiúd de Mhórdha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh faoi láthair.

 

Inis dúinn faoi do chuid taighde iardhochtúireachta?

Faoi láthair, táim ag réiteach leabhair ar bhailiú an cheoil thraidisiúnta in Éirinn. Freisin, táim i mbun taighde ar bhailiúchán amhrán a tháinig chun solais le deireanas, Bailiúchán an Ath. Uí Mhorchadha, arbh ionann é agus an bailiúchán is mó de lámhscríbhinní ar marthain arna chruthú ag bailitheoirí neamhspleácha d’amhráin na hÉireann. Anuas air sin, táim páirteach i dtogra in OÉ Gaillimh atá dírithe ar chnuasach mór fiteáin a chruthaigh an tOll. Tomás Ó Máille a dhigitiú agus a roinnt leis an bpobal. D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur ar ghuth an phobail atá mo thaighde dírithe: é a aimsiú sa chartlann, an cartlann úd a cheistniú, agus ansin ardáin éagsúla a chruthú lena chraobhscaoileadh, de réir mar a fheileann don ghuth agus don ábhar.


"Tá buntáiste mór le baint as comhaltachtaí
nach gcuireann srian ar an ábhar taighde maidir
le téama nó réimse. Ceadaíonn a leithéid don núálacht chomh maith leis an ard-chaighdeán, rud a chiallaíonn gur féidir leis an léann fás go nádúrtha.
Ní gá a rá go bhfuil ainm in airde ag comhaltachtaí iardhochtúireachta OÉ mar gheall ar ard-chaighdeán na gcomhaltaí trí chéile, idir iar-chomhaltaí agus comhaltaí reatha, agus tá aitheantas freisin
ag dul don phróiseas docht daingean
roghnaithe a spreagann agus a chosnaíonn
an caighdeán úd."

Cad iad na buntáistí a bhaineann le Comhaltacht Iardhochtúireachta OÉ a bhaint amach dar leat?

Is mó céimithe a bhfuil dochtúireachtaí acu san am i láthair, mar sin tá iomaíocht ghéar i réimse an taighde iardhochtúireachta. Tá buntáiste mór le baint as comhaltachtaí nach gcuireann srian ar an ábhar taighde maidir le téama nó réimse. Ceadaíonn a leithéid don núálacht chomh maith leis an ard-chaighdeán, rud a chiallaíonn gur féidir leis an léann fás go nádúrtha. Ní gá a rá go bhfuil ainm in airde ag comhaltachtaí iardhochtúireachta OÉ mar gheall ar ard-chaighdeán na gcomhaltaí trí chéile, idir iar-chomhaltaí agus comhaltaí reatha, agus tá aitheantas freisin ag dul don phróiseas docht daingean roghnaithe a spreagann agus a chosnaíonn an caighdeán úd.

Cén chomhairle a thabharfá do dhaoine atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an gComhaltacht i mbliana?

Deirdre Ní Chonghaile le faighteoirí eile Comhaltachtaí Iardhochtúireachta OÉ 2016:Bronagh McShane agus Niamh Wycherley

Deirdre Ní Chonghaile le faighteoirí eile Comhaltachtaí Iardhochtúireachta OÉ 2016:Bronagh McShane agus Niamh Wycherley.

Níor mhór d’iarrthóir a bheith uaillmhianach ach réalaíoch. Muna bhfuil an togra indéanta, ní thacófar leis. Muna bhfuil an léann á fhorbairt ar shlí éigin, ní thacófar leis. Níor mhór d’iarrthóir comhghuaillithe a aimsiú a chuirfidh ar bhóthar na leasa iad, agus fáiltiú roimh lom na fírinne! B’fhiú comhairle a fháil i leith agallaimh chomh maith, sa chás is gur beag a dtaithí ar a leithéid. Beidh an painéal roghnaithe ag brath ortsa leis an amhras a chur díobh: bí réitithe chuige sin.

Cad iad na héachtaí is mó acadúla atá bainte amach agat go dtí seo?

Creidim go láidir gur cheart go rachfadh an léann i ngleic leis an saol trí chéile, go mbeadh lucht léinn ag obair as lámha an phobail mór-thimpeall orthu. Deimhníonn a leithéid go mbeidh tuiscint níos fearr ag an bpobal trí chéile ar an léann agus ar an leas a dhéanann sé dúinn ar fad, agus meallann daoine i dtreo an oideachais agus i dtreo an léinn. Ní leis an léann amháin an taighde agus an t-oideachas ach is linne ar fad iad. Caithfear é a roinnt agus caithfear modhanna éagsúla a úsáid leis an sprioc sin a bhaint amach. B’éachtach an bhliain agam ar tugadh cuireadh chun cainte dom in Ollscoileanna Harvard, Oxford agus Cambridge agus sa Library of Congress - bliain nuair a bhíos i mo scoláire neamhspleách - ach is breá liom féin nuair a thagann an pobal chun cainte liomsa maidir leis an taighde. Is éacht agamsa nuair a aithníonn an pobal a n-údarás féin agus nach mbíonn fuacht ná faitíos orthu an t-údarás sin a roinnt chun leasa na hoibre. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

 

Tá Comhaltacht Iardhochtúireachta OÉ sna Daonnachtaí á tairiscint i 2018 agus is é an spriocdháta d’iarratais ná an 20 Aibreán 2018. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.