Home | Contact NUI  

 

21 October 2021  


Elisaveta Richardovna Everard

Elisaveta Richardovna Everard

Elisaveta Richardovna Everard


Bhain Elisaveta Richardovna Everard, Ollscoil Mhá Nuad, Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge amach sa bhliain 2020.

“Ba sa Rúis a rugadh mé ach tá cónaí orm i nGaeltacht Ráth Chairn le tamall de bhlianta anuas. Tógadh le Gaeilge agus le Rúisis mé agus bhí suim agam riamh i dteangacha. Bhain mé céim Bhaitsiléara amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis sa bhliain 2019 agus bronnadh Duais Chiste Theach an Ardmhéara orm sa bhliain chéanna. Thug mé faoin máistreacht sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad mar bhí mé ag iarraidh cur leis an tuiscint a bhí agam ar an nGaeilge, ó thaobh cúrsaí cruinnis de agus ó thaobh na Gaeilge i gcomhthéacs acadúil de.

Bhain an taighde a bhí idir lámha agam leis an teangeolaíocht fheidhmeach, agus bhí an t-ádh orm go raibh an deis agam tabhairt faoin gcineál sin oibre. D’oibrigh mé mar chúntóir taighde ar thionscadal a bhain le corpas foghlaimeora a chruthú an samhradh sular thosaigh mé ar an máistreacht agus bhí cur amach áirithe agam ar an réimse staidéir sin ach chuir mé go mór leis sin i mbliana. Cás-staidéar a bhí i gceist leis an taighde a bhí ar siúl agam don tráchtas máistreachta agus ba é aidhm an chás-staidéir, an tionchar a imríonn seánra agus castacht tascanna ar chruinneas Gaeilge labhartha na bhfoghlaimeoirí a fhiosrú agus a mheas.

Baintear úsáid as scrúduithe cainte le cumas Gaeilge na bhfoghlaimeoirí a mheas ag an dara leibhéal (scrúdú cainte na hArdteistiméireachta, mar shampla), ag an tríú leibhéal (scrúduithe na hOllscoile) agus i dtrialacha caighdeánaithe neamhspleácha (Teastas Eorpach na Gaeilge, mar shampla). Léiríonn an taighde atá déanta i réimse shealbhú an dara teanga go n-imríonn cineál agus castacht an taisc tionchar ar fheidhmiú teanga na bhfoghlaimeoirí agus ar an gcumas teanga a léirítear agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe cainte. Cé go ndearnadh taighde ar an ábhar seo i gcás teangacha iasachta eile, níor tugadh faoina leithéid de thaighde i gcás na Gaeilge go fóill. Ós rud é go mbaintear úsáid as scrúduithe cainte go minic agus cumas Gaeilge na bhfoghlaimeoirí a mheas, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh tuiscint againn ar na hathróga ar fad a imríonn tionchar ar an teanga a ghineann na foghlaimeoirí agus ar an gcineál tionchair a imríonn siad, ionas gur féidir a thuiscint céard go díreach atá á mheas againn. Cuireann an taighde a bhí ar siúl agam leis an tuiscint atá againn ar an ábhar seo, agus d’fhéadfadh sé bunchloch a leagan síos maidir le taighde eile amach anseo.

Maidir lena bhfuil ar siúl agam faoi láthair, tá conradh taighde faighte agam le Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil Mhá Nuad. Baineann an taighde atá idir lámha againn le béaltriail Gaeilge na hArdteistiméireachta. Fuair Lárionad na Gaeilge maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le tabhairt faoin taighde seo agus tionscadal an-suimiúil agus an-tábhachtach atá ann.

Ina theannta sin, táim ag tabhairt faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht [ar líne] in Ollscoil Mhá Nuad. Taitníonn an t-aistriúchán agus an eagarthóireacht go mór liom agus táim ag súil le barrfheabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus le cur leis an gcur amach atá agam ar na réimsí seo chomh maith!

Measaim go raibh an t-ádh orm go raibh an deis agam tabhairt faoin máistreacht sa Nua-Ghaeilge. Bhain mé an-sult ar fad as an gcúrsa agus chuir mé go mór le mo chuid scileanna, go háirithe le mo chuid scileanna taighde. Agus, ar ndóigh, bhí ríméad orm nuair a fuair mé amach gur éirigh liom Céad Duais an Dr T K Whitaker a bhaint amach!”