Home | Contact NUI  

 

16 April 2024  


Folúntas OÉ: Cúntóir Feidhmiúcháin Sinsearach

04.08.2020

 

Ollscoil chónaidhmeach is ea Ollscoil na hÉireann ina bhfuil ceithre chomhollscoil agus roinnt institiúidí ardoideachais cónasctha eile. I gcroílár na hollscoile cónaidhmí, feidhmíonn OÉ mar fhóram do na comhaltaí, cuireann sí seirbhísí ar fáil dóibh siúd agus dá gcéimithe, agus déanann sí bainistíocht ar chláir agus ar chartlanna lárnacha na hOllscoil. Cuireann OÉ réimse leathan de ghníomhaíochtaí ar bun freisin d’fhonn an léann agus an taighde a chothú agus d’fhonn cur le dul chun cinn oideachais, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta.

Féachann OÉ le post fholamh mar Chúntóir Sinsearach Feidhmiúcháin a líonadh ar chonradh téarma seasta 24 mí.

Is iad seo a leanas sainriachtanais an phoist seo:

  1. Scileanna cumarsáide scríofa agus béil den scoth
  2. Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise den scoth, lena n-áirítear bainistiú ar bhunachair sonraí
  3. Scileanna riaracháin agus eagraíochta den scoth laistigh de thimpeallacht oifige
  4. Scileanna bainistíochta ama den scoth
  5. Scileanna dea-fhorbartha teileafóin
  6. Ardleibhéal cruinnis agus aird ar mhionsonraí
  7. An cumas le tionscadail iolracha a bhainistiú ag an am céanna
  8. An cumas le hobair a dhéanamh faoi bhrú d’fhonn spriocamanna a shroicheadh agus as a stuaim féin
  9. Cáilíocht tríú leibhéal
  10. Taithí riaracháin/oifige cúig bliana ar a laghad

Beidh taithí i dtimpeallacht ardoideachais agus/nó eolas oibre ar an nGaeilge ina mbuntáistí.

Má tá fiosruithe ar bith eile agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le r-phost: registrar@nui.ie nó ar an teileafón: 01 439 2424

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 5in Dé Mairt 25 Lúnasa 2020.

 

Sonraíocht Poist agus Foirm Iarratais do Chúntóir Feidhmiúcháin Sinsearach

Íoslódáil

pdfPoist Mar Chúntóirí Feidhmiúcháin Sinsearach (109kb)
pdfIarratas ar Poist Mar Chúntóirí Feidhmiúcháin Sinsearach (128kb)

Má’s mian leat an fhoirm iarratais a chomhlánú ar an scaileán, ba chóir duit an pdf a íoslódáil ar do ríomhaire féin (deaschliceáil agus sábháil é). Bain úsáid as Adobe Reader chun an fhoirm a chomhlánú ós rud é nach dtacaíonn gach brabhsálaí gréasáin le comhlánú ar an scaileán


 

« Previous