Home | Contact NUI  

 

29 March 2024  


Fógra Faoi Chruinniú Toghcháin Chun Ochtar Ball de Sheanad na hOllscoile a Thoghadh

06.07.2022


AN CHOMHGHAIRM
Convocation Logo

Fógra Faoi Chruinniú Toghcháin Chun Ochtar Ball de Sheanad na hOllscoile a Thoghadh

Fógraítear leis seo go rachaidh tréimhse oifige an tSeanaid in éag Dé Céadaoin, an 31ú lá de Dheireadh Fómhair 2022

TOGHCHÁN COMHALTAÍ de SHEANAD OÉ Tofa ag an gCOMHGHAIRM
De réir Acht na nOllscoileanna, 1997 Alt 45 (2) den Acht sin, cuirfear san áireamh i measc bhallraíocht an tSeanaid ‘ochtar ball den Chomhghairm, ar mná ceathrar acu agus ar fir ceathrar acu’.

Is iad atá ar Chomhghairm na hOllscoile ná an Seansailéir, an Leas-Seansailéir, Comhaltaí an tSeanaid, Ollúna agus Léachtóirí na hOllscoile, agus Céimithe na hOllscoile.

DÁTA an CHRUINNITHE TOGHCHÁIN
Tionólfar Cruinniú Toghcháin na Comhghairme in Ollscoil na hÉireann, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Dé Céadaoin, an 5ú lá de Dheireadh Fómhair 2022, ag a 10 a chlog rn. Mairfidh an vótaíocht ar feadh uaire.

AINMNIÚCHÁIN
Duine ar bith a bheartófar a thoghadh, ainmneofar é/í le Páipéar Ainmniúcháin, arna shíniú ag beirt ar a laghad de Chomhaltaí na Comhghairme, nach foláir a bheith faighte ó Chléireach na Comhghairme, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, ar an Déardaoin 28ú Iúil 2022, nó roimhe.

Luafaidh an Páipéar Ainmniúcháin ainm agus seoladh an duine a bheas ainmnithe agus, mura seoladh in Éirinn an seoladh sin, luafaidh sé seoladh in Éirinn, agus beidh ag gabháil leis, i scríbhinn, toiliú an duine a bheas ainmnithe.

Gheofar Foirm Pháipéir Ainmniúcháin ach í a iarraidh ó Chléireach na Comhghairme, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, nó is féidir í a íoslódáil ag an nasc thíos.

Íoslódáil Foirm Pháipéir Ainmniúcháin


IARRATAS SCRÍOFA AR PHÁIPÉAR VOTÁLA

Ní mór do chomhaltaí Comhghairme ar mian leo vótáil sa Toghchán Comhghairme iarratas i scríbhinn* ar pháipéir vótála a dhéanamh chuig an gCléireach Comhghairme tráth nach déanaí ná Dé hAoine, 23ú Meán Fómhair, 2022.

Is gá iarratas ag lorg páipéar vótála a bheith a scríbhinn. Is féidir foirm iarratais a íoslódáil ag www.nui.ie.

* Is féidir iarratais a dhéanamh tríd an bpost rialta chuig an seoladh thíos nó trí ríomhphost chuig elections@nui.ie.

Chun do pháipéar vótála a fháil, ní foláir na sonraí seo a leanas a chur in iúl:

  • Ainmneacha agus sloinne (iomlán) (mar atá cláraithe ar Rollaí na hOllscoile)
  • Sloinne eile a úsáidtear (murab ionann), m. sh. Béarla, pósta, singil
  • Dáta  Breithe
  • Céim(eanna) agus Cáilíochta(í) eile OÉ
  • Bliain(ta) a Bhronnadh
  • Ollscoil/Coláiste OÉ
  • Buan Seoladh
  • Seansheoladh  (le haghaidh aitheantais)
Íoslódáil Foirm Iarratais

Helen Scanlon
Cléireach na Comhghairme
Ollscoil na hÉireann
49 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2


« Previous