Home | Contact NUI  

 

20 April 2024  


Déanann Ollscoil na hÉireann Seachtain na Gaeilge 2017

Dr T K Whitaker15.03.2017



Déanann Ollscoil na hÉireann Seachtain na Gaeilge 2017 a chéiliúradh le duaiseanna nua Gaeilge agus le súil a chaitheamh siar ar litreacha spéisiúla Cartlainne OÉ



Duaiseanna an Dr T K Dr T K WhitakerWhitaker sa Ghaeilge launched during Seachtain na Gaeilge 2017

Mar chuid de chomórtais Duaiseanna OÉ, bronnfar Duaiseanna an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge den chéad uair i 2017 in onóir d’Iarsheansailéir OÉ, an Dr T K Whitaker mar aitheantas ar an gcion a bhí aige ar an nGaeilge agus ar an obair a rinne sé ar a son i rith a shaoil. Beidh dhá dhuais, ar luach €2,000 agus €1,000 faoi seach á dtairiscint do mhic léinn atá i mbun céimeanna máistreachta sa Ghaeilge mar chuid den chomórtas seo. Is iad seo na céad duaiseanna dá leithéid a bheidh á dtairiscint ag OÉ do mhic léinn máistreachta. Beidh ainmniúcháin na mac léinn den scoth á lorg ó chomhordaitheoirí na gcéimeanna máistreachta sa Ghaeilge i gcomh-ollscoileanna OÉ do na duaiseanna seo.

Rugadh an Dr T K Whitaker i mbliain Éirí Amach na Cásca 1916 agus bhí sé mar Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann ar feadh 20 bliain ó 1976-1996. Chéiliúraigh Ollscoil na hÉireann comóradh céad bliain a bhreithe Mí Nollag 2016. Fuair an Dr T K Whitaker bás go gairid ina dhiaidh sin Mí Eanáir 2017.

Rachfar i dteagmháil le comhordaitheoirí na gcéimeanna máistreachta sa Ghaeilge i gcomhollscoileanna OÉ Mí Aibreáin maidir le hainmniúcháin do na duaiseanna seo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag #NUIAwards17 ar Twitter agus
ar http://www.nui.ie/awards/graduate_scholarships_and_prizes.asp#Duaiseanna

 

 

Cúrsaí Gaeilge á bplé i litreacha cartlainne OÉ

I measc na n-íomhánnna seo feictear litreacha ó Chartlann Ollscoil na hÉireann seolta chuig an Ollscoil maidir le haistriúcháin téarmaí oifigiúla na hOllscoile. Tá litir ó Dhubhghlas de hÍde, trácht ar an Ollamh Úna Ní Fhaircheallaigh (Agnes O’Farrelly) agus ar chruinnithe aistriúcháin inar tháinig ollaimh Gaeilge mór le rá le chéile. Feictear na torthaí a bhí ar na cruinnithe seo i miontuairiscí cruinnithe Seanad OÉ ón am anseo freisin.

 


 

 

 

 


«Siar | Ar aghaidh »