Home | Contact NUI  

 

24 April 2024  


Déanann OÉ céiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2017

07.03.2017



Déanann Ollscoil na hÉireann Lá Idirnáisiúnta na mBan a chéiliúradh trí bhreathnú ar mhná, an obair agus OÉ

Stair
Professor Mary RyanMar is gnáth do go leor earnálacha, ba mhall a bhí ceapachán ban mar acadóirí in OÉ agus ina gcomhollscoileanna ag tosú ach tá sé tar éis dul i méid le himeacht ama. I measc na gceannródaithe mná de, bhí Mary Hayden, a ceapadh mar Ollamh Staire Comhaimseartha i gCOBÁC i 1911 agus ba í an t-aon bhean amháin ar an gcéad Seanad de chuid OÉ. Chuidigh Agnes O’Farrelly, céimí Ollscoil Ríoga na hÉireann, mar a glaodh ar an ollscoil ag an am an Irish Association of Women Graduates and Candidate Graduates a bhunú in éineacht le Mary Hayden sa bhliain 1902, chun comhdheiseanna a chothú in oideachas ollscoile. Ceapadh O’Farrelly ina hOllamh le Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge i 1932. Ba í Mary Ryan, a ceapadh ina céad Ollamh le Teangacha Románsacha i gCOC i 1910, an chéad bhean ceaptha ina hollamh in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe agus ba í Alice Perry, céimí eile de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann, an chéad bhean chun céim a bhaint amach san innealtóireacht in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe. Rinne OÉ Gaillimh céiliúradh ar ainmniú ‘Áras Innealtóireachta Alice Perry’ in onóir di Dé Luain an 6 Márta 2017.




Feimineachas
Irish Feminisms 1810-1930 PosterSa bhliain 2010, sheol an t-Ollamh Margaret Kelleher foilseachán nua Irish Feminisms 1810 - 1930 (Sraith 5-Imleabhar). Curtha in eagar ag an Dr Mary Pierse, COC, chuir an tsraith bunábhar cartlainne ar fáil do scoláirí, do thaighdeoirí agus do mhic léinn léann na mban agus staidéar inscní, stair na mban agus scríbhneoireacht na mban, chomh maith leo siúd ag obair i réimsí gaolmhara. Thug an foilseachán seo rogha ar leith ilfemineachais le chéile, mar a d’inis scríbhneoirí na hÉireann an scéal idir 1810 agus 1930, tréimhse ‘fhada Victeoireach’. Cuireann an cúig imleabhar béim ar iliomad tuairimí agus dearcaí ó úrscéalta, filíocht, gearrscéalta, ailt is aistí nuachtáin agus irise, le scríbhneoirí aitheanta (leithéidí an Bhantiarna Gregory, an Bhantiarna Wilde agus muintir Parnell) agus scríbhneoirí gan mórán iomrá.

In fhoilseacháin Comórtha Céad Bliain OÉ 2008, The National University of Ireland 1908 - 2008 Centenary Essays, scrúdaíonn aiste de chuid an Ollaimh Senia Paseta ról na mban agus comhionannas siar ag tús ré OÉ agus is é an teideal atá ar ná ‘Achieving Equality: Women and the Foundation of the University’.




IWD Card 1 Léachtaí Edward J Phelan agus an Eagras Idirnáisiúnta Oibreachais
Sa bhliain 2015, thug an t-Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn léacht Edward J Phelan, faoin teideal “The Future of Work” agus thug Guy Ryder, Ard-stiúrthóir an EIO freagra air. Sa léacht seo, thagair an t-Uachtarán Ó hUiginn d’Fhorógra Philadelphia, ar ghlac an EIO leis i 1944 faoi stiúradh Edward J Phelan, a bhí ina Ardstiúrthóir ag an am. Dúirt an t-Uachtarán Ó hUiginn go ndeimhníonn an Forógra “nach tráchtearra é an obair” (Forógra Philadelphia, 1-a) agus go bhfuil “an ceart ag gach duine, cuma cén cine, cré ná inscne atá siad, dul lena folláine mhianach agus lena fhorbairt spioradálta le saoirse, le dínit, le sábháilteacht eacnamaíocht agus le comhdheis” (FP, 2-a)

Thug an t-Ollamh Mary Daly, ar ollamh staire emerita í féin ag COBÁC agus a toghadh mar an chéad bhean ina hUachtarán ar an Acadamh Ríoga na hÉireann, an léacht Edward J Phelan is déanaí. Ba é ‘Women at Work: the Role of the ILO’ an teideal a bhí ar an léacht agus dhírigh sé ar mhná san fhostaíocht agus ról an EIO i stádas na mban sa lucht oibre a neartú le himeacht ama.

In fhoilseachán OÉ ar an léacht, dúradh gurb é ceann de mhórthionscnamh an EIO agus a chomóradh céad bliain ag teacht anois sa bhliain 2019 agus ina mandáid don todhchaí ná ‘The women at work initiative’ a dhéanfaidh athbhreithniú ar ‘áit agus coiníollacha na mban sa lucht oibre agus oibrithe, fostóirí agus rialtais a chur i mbun oibre chun cothromaíocht deiseanna agus cóireála a bhaint amach’. Dúradh, cé go bhfuil níos mó ban ná fear ag leibhéal bunchéime sa saol acadúil timpeall an domhain 53.5% le 46.5%, is cosúil go bhfuil ‘píblíne briste’ sa chaoi go leanann níos lú agus níos lú ban ar aghaidh le hiarchéimeanna agus an saol acadúil neamhphroifisiúnta, le 19% ollamh mná agus 81% ollamh fir.

Ina léacht, thaispeáin an t-Ollamh Daly go raibh mná agus obair na mban mar phríomhábhair spéise don EIO i gcónaí ó bunaíodh é, ag tosú mí Márta 1919 nuair a thug ionadaithe na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ban liosta éileamh don EIO. Bhreathnaigh sí ar an mbarúil neamhráite ag an am go bhféadfaí coiníollacha oibre fear a rialú le comhmhargáil idir fostóirí agus oibrithe, ach bhí cosaint dlíthiúil ag teastáil ó mhná agus páistí. Níos déanaí, sa bhliain 1951, d’achtaigh an EIO Coinbhinsiún uimh. 100- an Coinbhinsiún um Chomhíocaíocht, a thug treoir do chothromaíocht i dtaobh na mban de thar na blianta ina dhiaidh sin, dar leis an Ollamh Daly. Sa bhliain 1956, rith an EIO rún a thoirmisc inscne a bheith ina cúis leithcheala pá agus níos déanaí i 1965, chuaigh Moladh EIO 123 i ngleic le himeascadh ban a raibh freagrachtaí clainne acu san fhostaíocht ar bhonn comhionannais.

Ba bhunphrionsabal é de pháipéar an Ollaimh Daly ná cé nach raibh an cumhacht ag an EIO na treoracha seo a chur i bhfeidhm , bhí tionchar aige ar bhealaí eile, mar shampla bhí a chuid taighde mar bhunús d’obair Chomhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta an NA a raibh Conradh um Chearta Eacnamaíoch, Cultúrtha agus Sóisialta an NA 1966 agus Forógra um Idirdhealú in aghaidh ban a Dhíothú 1967 mar bhailchríoch air. I gcás na hÉireann, thug sí le tuiscint go raibh forsaí idirnáisiúnta ar nós an EIO tábhachtach cúrsaí a athrú toisc go raibh Éire ag iarraidh íomhá a chruthú di féin go hidirnáisiúnta mar náisiún comhaimseartha forásach. 

Luaigh an t-Ollamh Daly conas, tar éis na 1970í, scéal foráis atá ann ach le frustrachas leanúnach. D’ardaigh an líon ban san obair in Éirinn breis is 40% idir 1971 agus 1992. Ba é an mórathrú ná an ardú suntasach sa líon máithreacha páistí óga atá sa lucht oibre. Baineann EIO 100 a eisíodh ar dtús i 1951 le hábhar fós leis an mbearna idir tuilleamh fear is ban ag 14% sa bhliain 2015.

I measc na gcainteoirí eile ag an léacht bhí Maeve McElwee, Stiúrthóir um Chaidreamh Fostóirí IBEC; Patricia King, Ard-Rúnaí ICTU agus Pat Breen, TD, Aire Stáit um Fhostaíocht agus Gnólachtaí Beaga.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Léachtaí E J Phelan ag http://www.nui.ie/news/default.asp


L-R: 2016 NUI Post-Doctoral Fellows 
Bronagh McShane, Niamh Wycherley and Deirdre Ní Chonghaile
Duaiseanna OÉ
Bhí cuid mhaith mic léinn agus céimithe mná ó institiúidí OÉ i measc buaiteoirí Duaiseanna OÉ 2016. Bronnadh 3 as 4 cheann de Chomhaltachtaí Iar-Dhoctúireachta OÉ ar chéimithe mná ó institiúidí OÉ, Deirdre Ní Chonghaile, Niamh Wycherley agus Bronagh McShane, agus beidh an triúr acu ag cur a gcuid comhaltachtaí i gcrích ag OÉ Gaillimh. Chomh maith leis sin bronnadh 7 as 9 Duaiseanna OÉ agus Boinn Rialtas na Fraince, agus 68 as 95 Scoláireachtaí Liteartha agus Leighis an Dr H H Stewart ar mhic léinn mná ó chomhollscoileanna OÉ. Is féidir liosta iomlán de bhuaiteoirí 2016 a fháil ag
http://www.nui.ie/news/2016/awards_2016_Winners_Listing.asp.

Ta comórtais Duaiseanna OÉ ar oscailt anois d’iarratais agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.nui.ie/awards.



IWD Card 2Athena SWAN Charter
Is amhlaidh go gcaithfear dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh dul chun cinn gairmeacha ban san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhata (STEM).
Tacaíonn OÉ leis an Athena SWAN Charter i dtaobh ionadaíocht, dul chun cinn agus rath na mban i STEM a oiread agus is féidir. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Athena SWAN Charter ag http://www.ecu.ac.uk/equality-charters/athena-swan/

Is é téama an fheachtais do Lá Idirnáisiúnta na mBan 2017 ná #BeBoldForChange. Ba mhaith le OÉ an téama seo a chur i gcrích i 2017 i dtaobh ról na mban san fhostaíocht acadúil in Éirinn.



 


« Previous | Next »