Home | Contact NUI  

 

29 March 2024  


Lá Idirnáisiúnta na mBan, Céimithe OÉ

08.03.2022

 

Máire Mhac an tSaoi 1922-2021

Ada English

Máire Mhac an tSaoi

Filíocht, gearrscéalaíocht, Scríbhneoireacht acadúil, aistruiúchán, beathaisnéis

Saolaíodh Máire I mBaile Átha Cliath ach b’as Corca Dhuibhne a tháinig muintir a máthair. Polaiteoir ab ea a hathair, Seán Mac an tSaoi, a bhí in a thánaiste I rialtas De Valera, agus múinteoir ab ea a máthair, Máiréad. Tar éis di BA a bhaint amach sna Nuatheangacha agus sa Léann Ceilteach ó Colaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, d’Fhreastail sí ar Óstaí an Rí agus glaoch sí chun an bharra í sa bhlian 1944. Scríobh sí tráchtas máistreachta ar an bhfile Duibhneach, Piaras Feirtéar. Thosaigh sí ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha I 1947 agus caith sí tréimhsí I bPáras, I Maidrid agus sa Congo. Bhí sí ar fhoireann English-Irish Dictionary. Is mar fhile atá clúa gus cáil bainte amach ag Máire. Cuireadh cúig chnuasach filíochta léi I gcló idir 1956 agus 1999. Rinne Máire móran oibre mar aistritheoir agus mar eagarthóir.

(Source Dictionary of Munster Women Writers 1800-2000, edited by Tina O’Toole), Photo Irish Examiner

 

Margadh na Saoire (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956)

Codladh an Ghaiscigh (1973)

An Galar Dubhach (1980)

An Cion go dtí Seo (1987)

Writing In Modern Irish — A Benign Anachronism?, The Southern Review, 31 Special Issue on Irish Poetry (1995)

The Same Age as the State, O'Brien Press, Dublin

Cérbh í Meg Russell?, Leabhar Breac (2008).

Scéal Ghearóid Iarla, Leabhar Breac, (2010)

 

Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin

Píosa

Beagbheann ar amhras daoine,
Beagbheann ar chros na sagart,
Ar gach ní ach bheith sínte
Idir tú agus falla –

Neamhshuim liom fuacht na hoíche,
Neamhshuim liom scríb is fearthainn,
Sa domhan cúng rúin teolaí seo
Ná téann thar fhaobhar na leapan –

Ar a bhfuil romhainn ní smaoinfeam,
Ar a bhfuil déanta cheana,
Linne an uain, a chroí istigh,
Is mairfidh sí go maidin.

 

I care little for people's suspicions,
I care little for priests' prohibitions,
For anything save to lie stretched
Between you and the wall –

I am indifferent to the night's cold,
I am indifferent to the squall or rain,
When in this warm narrow secret world
Which does not go beyond the edge of the bed –

We shall not contemplate what lies before us,
What has already been done,
Time is on our side, my dearest,
And it will last til morning.

 

 

 

 


 

« Previous