Home | Contact NUI  

 

19 April 2024  


Stiofán Ó Briain

DSeansailéir OÉ An Dr Muiris Ó Mainín ag bronnadh Dara Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge ar Stiofán Ó Briain, COBÁC

Seansailéir OÉ An Dr Muiris Ó Mainín ag bronnadh Dara Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge ar Stiofán Ó Briain, COBÁC.

 

Bhain Stiofán Ó Briain, mac léinn de chuid An Coláiste Ollscoile, BÁC, Dara Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge amach sa bhliain 2017

 

Inis dúinn faoi do chuid staidéar máistreachta?

Mar chuid de mo mháistreacht iarchéime sa Nua-Ghaeilge sa Cholaiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, thug mé faoi staidéar criticeach ar an gcnuasach filíochta Beatha Dhónaill Dhuibh leis an bhfile óg iomráiteach Séamus Barra Ó Súilleabháin. Foilsíodh an chéad bhailiúchán seo le SBÓS i Nollaig 2016 agus is go mear a ghlac saibhreas a fhocal seilbh ar mo mheanman. Chonaic mé na mílte féidearthachtaí anailíse sa chnuasach ach shocraigh mé ar mhionléamh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir reacaire na ndánta agus an neach dorcha taobh thiar de, Dónall Dubh, faoi anáil na síoc-anailíse Jungaí, scoil machnaimh a thosaigh Dr. Carl Gustav Jung sa chéad seo caite. Leis an bhfráma anailíse seo, d’amharc mé ar an gcaidreamh idir an reacaire agus Dónall Dubh mar léiriú ar an tuiscint Jungach den chaidreamh idir codanna meabhracha an duine, go háirithe an caidreamh idir an glór consiasach, .i. an Comhfhios, agus taobh dorcha an neamhchomhfheasa, .i. an Scáil. Riar mé forbairt an chaidrimh seo idir an dá neach trí na dánta i gcnuasach Shéamuis Bharra agus scrúdaigh mé an fás agus an tsíorfhorbairt atá i gceist le próiseas iomlánaithe nó individuation process Jung, .i. nuair a thagann duine ar a Ollfhéin trí chumarsáid shíoraí a choinneáil idir meabharchodanna na hintinne.

Mar aon leis sin, trí choincheap Jungach an Neamhchomhfheasa Choitinn, is féidir Dónall Dubh a léamh mar scáil an chine uilig. Is eisean an chuid dhorcha dínn nach deas linn í a aithint go minic. Mar atá ráite ag an reacaire sa dán “Baile Fearthainne”: Thá aithne Aige orainn/ is cuimhin leis/ gach geall is feall/ a shantaíomar/ tráth. Saothar úr réabhlóideach is ea cnuasach Shéamuis Bharra; atá tráthúil go leor do ré seo na Nua-Aoise; a bhfuil seodra feasa le baint as, dar liom, agus thug mé faoi iad a nochtadh i mo chuid taighde.


"Lena chois sin, ba leasc liom gan an bród
agus an díogras a mhúscail an onóir seo ionam
a lua nuair a fógraíodh go bhfuair mé an dara duais.
Is maith aitheantas ar obair chrua cinnte, go háirithe
ó institiúid chomh ardréimeach amhail Ollscoil na hÉireann. Is mór freisin duais mar seo don Ghaeilge,
mar léiríonn sé gurb ann do scoth an taighde sa teanga agus gur torthúil tabhairt faoi staidéar trí mheán na Gaeilge. Ba mhór dom Duais Gaeilge
an Dr T K Whitaker agus cinnte spreag sé mé
leanúint leis an gcritic agus leis an
ardléinn sa Ghaeilge."

Cén luach a bhí le Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge a bhaint amach duitse?

Ar an gcéad dul síos, b’ardú croí agus spioraid dom an t-ainmniúchán a fháil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Claith. Léirigh tacaíocht na foirne iontaí i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh ‘is an Bhéaloidis nach ag treabhadh i ngort gann seasc a bhí mé le mo rogha taighde. Thug siad misneach dom leanúint ar aghaidh leis. Leis sin, ba chabhrach go leor próiseas measúcháin Dhuaiseanna Gaeilge an Dr. T.K. Whitaker. Bhí orm ilsnáitheanna mo smaointe a bheachtú agus a chur i gcruth ceart ionas go raibh mé in ann iad a chur in iúl agus i láthair don chomhairle measúcháin. Is áisúil cuimhneamh i gcónaí nach ar éagsúlacht nó ar theibíocht an mhacnaimh amháin a bhraitheann saíocht ach ar chumas cumarsáide an tsaoi a (h)ábhar a mhíniú i gceart. Sin a d’fhoghlaim mé féin agus mé i mbun an phróisis seo, agus ba mhór dom an taithí

Lena chois sin, ba leasc liom gan an bród agus an díogras a mhúscail an onóir seo ionam a lua nuair a fógraíodh go bhfuair mé an dara duais. Is maith aitheantas ar obair chrua cinnte, go háirithe ó institiúid chomh ardréimeach amhail Ollscoil na hÉireann. Is mór freisin duais mar seo don Ghaeilge, mar léiríonn sé gurb ann do scoth an taighde sa teanga agus gur torthúil tabhairt faoi staidéar trí mheán na Gaeilge. Ba mhór dom Duais Gaeilge an Dr. T.K. Whitaker agus cinnte spreag sé mé leanúint leis an gcritic agus leis an ardléinn sa Ghaeilge.

Cé hiad a héachtaí is mó proifisiúnta nó acadúla atá bainte amach agat go dtí seo?

Tar éis dom an duais seo agus an Mháistreacht sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhaint amach, d’fhill mé ar an teagasc tríú leibhéil san ollscoil agus mé ag meas bóithre éagsúla do PhD. Tá sé i gceist agam leanúint leis an gcritic liteartha, ach ní mian liom léimt isteach i linn taighde nach dual dom a huisce. I measc na n-ábhar taighde a bhfuil ar bun agam faoi láthair, táim ag fiosrú neamhoird struis iarthrámaigh nó PTSD sa scéal meán-aoiseach Buile Shuibhne, an caidreamh idir an dúchas ‘is an nua-aois in Beatha Dhónaill Dhuibh agus staidéar machnamach ar an amhrán “C.E.A.R.T.A” le Kneecap, á léamh faoi anáil na Rubberbandits, Mhyles na gCopaleen agus an Raibiléiseachais. Is iomaí slí atá oscailte romham anois de bharr Dhuais Gaeilge an Dr. T.K. Whitaker agus táim fíoráthasach agus fíorbhuíoch gur bronnadh an onóir seo agus a deiseanna orm.

Bronnfar Duaiseanna an Dr T K Whitaker ar bheirt mac léinn atá ag tabhairt faoi Mháistreachtaí Ealaíon sa Ghaeilge i gcomhollscoil OÉ arís sa bhliain 2018.Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo