Home | Contact NUI  

 

29 March 2024  


Póilín Nic Géidigh

Póilín Nic Géidigh

Póilín Nic Géidigh


Bhain Póilín Nic Géidigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dara Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge amach sa bhliain 2020.

Is iriseoir agus craoltóir óg í Póilín Nic Géidigh, atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhain sí bunchéim amach sa Chumarsáid Fhísiúil in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus ansin MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin in OÉ Gaillimh.

Bíonn Póilín ag cruthú míreanna rialta don chlár teilifíse Cúla4 ar Scoil agus tá clár teilifíse do pháistí taifeadta aici mar chomh-láithreoir, leis an gComhlacht Léiriúcháin Fíbín, faoi chúrsaí comhshaoil agus timpeallachta.

Tá suim ollmhór ag Póilín i gcúrsaí Meáin agus go háirithe na meáin shóisialta. Tá sí mar bhall den ghrúpa An Ghaeltokt ar TikTok agus tá sí gníomhach fosta ar Twitter agus Instagram. Rinne sí staidéar ina dtráchtas praticbhunaithe don MA ar cur chun cinn na Gaeilge ar na meáin shóisialta, i bhfoirm clár raidió.

Póilín Nic Géidigh is a journalist and broadcaster with RTÉ Raidió na Gaeltachta in Na Doirí Beaga in the Donegal Gaeltacht. She completed her BA in Visual Communication in TU Dublin and then an MA in Cleachtas Gairmiúil sna Meáin in NUI Galway. Póilín is a regular contributor to the show Cúla4 ar Scoil and has recently completed filming, as a co-host, for a TV show for children about the environment, with the production company Fíbín.

Póilín has a keen interest in media, especially social media. She is a part of the collaborative group An Ghaeltokt on TikTok and she is also active on Twitter and Instagram. For her practical thesis, she studied the promotion of An Ghaeilge on social media, in the form of a radio show.